Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 5:18

An Bíobla Naofa 1981

Tugadh sé chun an tsagairt, mar íobairt chúitimh, reithe gan mháchail ón tréad a bhfuil a luach le meas agatsa. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó ar son an dearmaid a rinne sé gan fhios dó féin agus maithfear dó.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.

Leagadh sé lámh ar cheann an íobarthaigh le loscadh agus glacfar leis mar shás leorghnímh dó.

Tógadh sé ceann de na huain agus ofráladh sé é mar íobairt leorghnímh, é sin agus an log ola. Déanadh sé an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna leo seo.

Déanadh sé leis an tarbh seo mar a rinne le tarbh an íobairt pheaca; déantar mar ar an gcéanna leis. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh ar son an phobail agus maithfear dóibh.

“Má pheacaíonn duine agus, le barr neamhaire, rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a dhéanamh, tá sé ciontach agus caithfidh sé iarsmaí a lochta a iompar.

Íobairt chúitimh í seo; bhí an duine ciontach i láthair an Tiarna.”

mar seo atá le déanamh: Más neamhaire an chomhthionóil uile a bhíonn i gceist, déanadh an comhthionól uile íobairt uileloiscthe de tharbh óg, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, mar aon lena abhlann agus lena íobairt dhoirte de réir gnáis; agus ofráiltear pocán gabhair mar íobairt pheaca.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí