Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 4:5

An Bíobla Naofa 1981

Tógadh an sagart ungtha cuid d'fhuil an tairbh agus tugadh sé leis isteach i mBoth na Teagmhála í.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ansin tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus croitheadh sé í lena mhéar ar thosach chathaoir na trócaire; ní foláir dó an fhuil seo a chroitheadh seacht n‑uaire lena mhéar os comhair chathaoir na trócaire.

“Ansin maraíodh sé an pocán d'íobairt pheaca an phobail, agus tugadh sé a fhuil thar fial isteach. Déanadh sé dála fhuil an tairbh leis an bhfuil seo, agus croitheadh sé í ar chathaoir na trócaire agus os comhair na cathaoireach sin.

Croitheadh sé cuid den fhuil seacht n‑uaire ar an altóir lena mhéar; sin mar atá sí le glanadh agus le naomhú aige, le híonghlanadh agus le scaradh ó neamhghlaine iomadúil chlann Iosrael.

Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.

Gach abhlann a ofrálann sagart, dóitear í go léir; níl aon chuid di le hithe.”

Tógadh Eileázár an sagart cuid dá fuil ar a mhéar agus croitheadh sé an fhuil seo seacht n‑uaire i dtreo dhoras Bhoth na Teagmhála.

Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí