Léivític 4:31An Bíobla Naofa 1981Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó. Féach an chaibidil |
Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.”
Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh do chomhthionól uile chlann Iosrael, agus tabharfar maithiúnas dóibh, mar ba trí neamhaire é. Nuair a bhíonn a n‑ofráil tugtha acu mar íobairt dhóite don Tiarna, agus go mbíonn a n‑íobairt pheaca curtha i láthair an Tiarna acu chun leorghníomh a dhéanamh ar son a neamhaire,