Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 4:30

An Bíobla Naofa 1981

Tógadh an sagart beagán dá fhuil ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

agus tógfaidh tú cuid d'fhuil an tairbh agus cuimleoidh tú le do mhéar de bheanna na haltóra í. Ansin doirtfidh tú fuílleach na fola ag bun na haltóra.

Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.

Cuireadh sé beagán den fhuil ar bheanna na haltóra atá os comhair an Tiarna i mBoth na Teagmhála, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála.

Ansin tógadh an sagart beagán d'fhuil an íobairt pheaca lena mhéar agus cuireadh sé ar bheanna altóir an uileloiscthe í; doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe.

Tógadh an sagart beagán d'fhuil an íobairt pheaca ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile dá fuil ag bun na haltóra.

Ansin cuireadh an sagart beagán den fhuil ar bheanna altóir na túise cumhra i láthair an Tiarna i mBoth na Teagmhála; agus doirteadh sé an chuid eile de fhuil an tairbh ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála.

Croitheadh sé cuid de fhuil an íobairt pheaca ar chliathán na haltóra, agus déanadh sé fuílleach na fola a fháscadh as ag bun na haltóra. Íobairt pheaca í seo.

Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son.

Ansin thug clann Árón an fhuil chuige; thum sé a mhéar san fhuil agus chuir cuid di ar bheanna na haltóra, agus dhoirt fuílleach na fola ag bun na haltóra.

Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann.

Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí