Léivític 4:3An Bíobla Naofa 1981Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin. Féach an chaibidil |
Um an dtaca sin rinne an mhuintir a d'fhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a d'fhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t‑iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.