Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 4:29

An Bíobla Naofa 1981

Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca agus maraíodh sé an t‑íobarthach peaca mar a maraítear na huileloiscthigh.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Níor éilíodh cuntas ón muintir dár tugadh an t‑airgead le caitheamh ar na fir oibre mar go rabhadar ionraic i mbun a ngnó.

Ansin tugadh na pocáin don íobairt pheaca go dtí an rí agus go dtí an comhthionól agus leag siad a lámha orthu.

Maraíodh sé é ar an taobh thuaidh den altóir, i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.

Leagadh sé lámh ar cheann an íobarthaigh le loscadh agus glacfar leis mar shás leorghnímh dó.

Ansin maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a ofráil. Déanfaidh siad í a dhoirteadh ar imill na haltóra atá ag doras Bhoth na Teagmhála.

agus leagadh seanóirí an chomhthionóil a lámha ar cheann an tairbh i láthair an Tiarna, agus maraítear an tarbh i láthair an Tiarna.

Leagadh sé a lámh ar cheann an ghabhair agus maraíodh sé é mar a mharaítear an t‑íobarthach le huileloscadh i láthair an Tiarna. Íobairt pheaca í seo.

Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca, agus maraíodh sé é mar íobairt pheaca mar a maraítear na huileloiscthigh.

Tugadh sé an tarbh i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; leagadh sé a lámh ar cheann an tairbh agus maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí