Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 4:27

An Bíobla Naofa 1981

Má pheacaíonn duine den ghnáthphobal le barr neamhaire agus go bhfágann sé é féin ciontach mar go ndéanann sé rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna,

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint? ná leag orm mo pheacaí folaigh.

Beidh an dlí céanna i bhfeidhm don dúchasach agus don eachtrannach a lonnaíonn in bhur measc.”

Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael.

Déanfaidh tú amhlaidh ar an seachtú lá den mhí ar son an duine a pheacaigh trí neamart nó aineolas. Mar seo a dhéanfaidh tú leorghníomh don Teampall.

Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach,

“Labhair le clann Iosrael agus abair: Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann d'aitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin:

Má pheacaíonn uachtarán le barr neamhaire agus rud éigin de na nithe go léir atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a Dhia a dhéanamh agus é féin a fhágáil ciontach,

“Má pheacaíonn duine agus, le barr neamhaire, rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a dhéanamh, tá sé ciontach agus caithfidh sé iarsmaí a lochta a iompar.

Ansin thug sé ofráil an phobail i láthair. Thóg sé gabhar ofráil pheaca an phobail, mharaigh é, agus d'ofráil é ar son peaca dála an chéad chinn.

ná bíodh ach an t‑aon reacht amháin, an t‑aon dlí amháin, daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc.’ ”

Má theipeann ort, trí neamhaire, maidir le haon cheann de na haitheanta a thug an Tiarna do Mhaois

Más duine aonair a pheacaíonn trí neamhaire, ofráladh sé meannán baineann bliana mar íobairt pheaca.

cibé acu dúchasach, duine de chlann Iosrael é, nó deoraí ag cur faoi ina measc. Ná bíodh ach an t‑aon dlí amháin in bhur measc don té a pheacaíonn le neamhaire.

“Abair le clann Iosrael: Má dhéanann fear nó bean aon cheann de na peacaí trína bhfeallann duine ar an Tiarna, tá an duine sin ciontach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí