Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.
ofráladh an comhthionól tarbh óg gan mháchail ón táin mar íobairt pheaca nuair a thagann an peaca a rinneadar chun solais. Tugtar an tarbh os comhair Bhoth na Teagmhála,
Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.
nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é -
Ansin abair le clann mhac Iosrael: ‘Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach:
mar seo atá le déanamh: Más neamhaire an chomhthionóil uile a bhíonn i gceist, déanadh an comhthionól uile íobairt uileloiscthe de tharbh óg, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, mar aon lena abhlann agus lena íobairt dhoirte de réir gnáis; agus ofráiltear pocán gabhair mar íobairt pheaca.
Ní foláir pocán gabhair a ofráil don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt pheaca d'fhéile an leorghnímh, agus ar an íobairt uileloiscthe lena n‑abhlann agus lena n‑íobairtí dí.
Bíodh pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn