Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach,
Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]
“Má pheacaíonn duine agus, le barr neamhaire, rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a dhéanamh, tá sé ciontach agus caithfidh sé iarsmaí a lochta a iompar.
má pheacaíonn sé agus go mbíonn sé ciontach dá réir sin, ní foláir dó gach ar thóg sé nó ar éiligh sé sa bhreis a chúiteamh: an geall a fágadh aige an mhaoin chaillte a fuair sé,
cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.
Rinne Iosrael peaca; sháraíodar an conradh a d'ordaigh mé dóibh; thógadar nithe a bhí curtha faoin mbang; rinneadar iad a ghoid, a cheilt agus a chur ina mála.