Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 4:12

An Bíobla Naofa 1981

an tarbh go léir, ní foláir é a bhreith ón gcampa amach go háit ghlan, mar a gcaitear amach an luaithreach, agus é a dhó ann ar thine bhrosna.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Ach feoil an tairbh, agus a chraiceann, agus a otrach, loiscfidh tú le tine iad taobh amuigh den champa; ofráil pheaca í sin.”

Glacfaidh tú fosta tarbh na híobartha peaca agus dófaidh tú sa láthair cheart den Teampall taobh amuigh den sanctóir é.

Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.”

An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n‑otrach le loscadh.

Ní foláir dó an tarbh a bhreith amach as an gcampa agus a dhó mar a rinne leis an gcéad cheann. Íobairt pheaca ar son an chomhthionóil í seo.

Gach abhlann a ofrálann sagart, dóitear í go léir; níl aon chuid di le hithe.”

Na híobairtí peaca a dtugadh cuid dá bhfuil isteach i mBoth na Teagmhála chun leorghníomh a dhéanamh istigh sa sanctóir, ní ceadmhach d'aon duine aon chuid díobh a ithe. Ní foláir iad go léir a loscadh ar an tine.

má pheacaíonn sé agus go mbíonn sé ciontach dá réir sin, ní foláir dó gach ar thóg sé nó ar éiligh sé sa bhreis a chúiteamh: an geall a fágadh aige an mhaoin chaillte a fuair sé,

Ach seithe an tairbh, a fheoil agus otrach, dhóigh sé lasmuigh den champa iad de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Loisc sé an fheoil agus an tseithe lasmuigh den champa.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Ní foláir an duine seo a chur chun báis; ní foláir don chomhthionól go léir gabháil de chlocha ann lasmuigh den champa.”

Tugaigí d'Eileázár an sagart í, agus tugtar lasmuigh den champa í le marú ina láthair.

Loisctear an bhó ansin ina láthair, idir sheithe agus fheoil, agus fhuil, sea agus otrach chomh maith.

Cuirigí as an gcampa amach iad idir fhir agus mhná, agus coinnigí ón gcampa iad, i dtreo nach dtruailleodh clann Iosrael ar an gcaoi sin an campa ina mairim ina measc.”

Is lasmuigh den champa a dhóitear conablaigh na n‑ainmhithe a dtugann an t‑ardsagart a gcuid fola isteach san Áit Rónaofa in éiric an pheaca.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí