Ansin dódh clann mhac Árón an chuid sin mar aon leis an íobairt uileloiscthe ar an altóir ar bhrosna na tine. Is íobairt dhóite a bheidh inti agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
D'ofráil Solamh dhá mhíle fichead damh agus céad agus fiche míle caora mar íobairtí comaoineach don Tiarna. Mar sin a rinne an rí agus clann Iosrael go léir Teampall an Tiarna a choisreacan.
Ina dhiaidh sin chóirigh siad an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, mar bhí na sagairt, clann Árón, gafa go hoíche ag ofráil na híobairte dóite agus na spolaí méithe. Sin é an fáth ar chóirigh na Léivítigh an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, clann Árón.
Tógfaidh tú a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair agus an chnapóg saille os cionn an ae, agus an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus loiscfidh tú ar an altóir iad.
“Na sagairt Léivíteacha, mic Zádóc, a chomhlíon a ndualgais dom sa sanctóir nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán i bhfad uaim, beidh cead acusan triall orm chun freastal orm. Seasfaidh siad i mo láthair ag ofráil saille agus fola dom - an Tiarna Dia a labhraíonn.
ag ligean isteach i mo shanctóir coimhthígh gan timpeallghearradh ina gcroí ná ina gcorp, á thruailliú nuair a ofrálann sibh mo bhia idir shaill agus fhuil. Mar bharr ar bhur n‑uile imeachtaí gránna bhris [sibh] mo chonradh.
Ach a ionathar agus na cosa, níodh sé in uisce iad agus ofráladh agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Stolladh sé ina dhá leath é, le sciathán ar gach taobh, ach ná scaradh sé an dá chuid ó chéile. Dódh an sagart ar an altóir ansin é ar an mbrosna ar an tine. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite, agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Ach a ionathar, agus a chosa, níodh sé in uisce iad agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó.
Baineadh sé an tsaill go léir aisti mar a dhéantar leis an gcaora san íobairt chomaoineach; dódh an sagart í go léir ar an altóir ar na hofrálacha uileloiscthe don Tiarna. Sin mar a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh ar son an duine agus maithfear dó.
An tine a dhónn an íobairt uileloiscthe ar an altóir, ná ligtear in éag í. Cuireadh an sagart brosna uirthi gach maidin. Cóiríodh sé an íobairt uileloiscthe uirthi, agus dódh sé inti saill na n‑íobairtí comaoineach.
Ach céadlao bó, céaduan caorach, nó céadmheannán gabhair, ná fuascail; tá siadsan naofa. Ní foláir duit a gcuid fola a chroitheadh ar an altóir agus a saill a dhó mar ofráil dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.
Abair leo: Seo iad na híobairtí loiscthe nach foláir daoibh a ofráil don Tiarna: Dhá uan bhliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe shíoraí gach lá.
agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.