Tógfaidh tú a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair agus an chnapóg saille os cionn an ae, agus an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus loiscfidh tú ar an altóir iad.
“Méith an reithe, an t‑eireaball, a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair, an chnapóg saille os cionn an ae, an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus an cheathrú chlé (mar is reithe insealbhaithe atá i gceist),
Ní foláir dó cuid den íobairt chomaoineach a ofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar,
Ansin dódh clann mhac Árón an chuid sin mar aon leis an íobairt uileloiscthe ar an altóir ar bhrosna na tine. Is íobairt dhóite a bheidh inti agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Thóg Maois an tsaill go léir a bhí timpeall an ionathair, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus a gcuid saille, agus dhóigh sé an méid sin go léir ar an altóir.
Ansin thóg sé an tsaill: an t‑eireaball méith, an tsaill ar an ionathar, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus an cheathrú dheas.