Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 3:14

An Bíobla Naofa 1981

Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna an méid seo de: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar,

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ná hithigí aon chuid de amh ná bruite in uisce, ach rósta ar thine - idir cheann agus chosa agus ionathar.

Tabhair dom do chroí, a mhic, agus bíodh do shúile ar mo chomhairle:

Cad chuige ar tháinig mé as an mbroinn riamh, a thabhairt aghaidh ar shaothar agus doilíos agus go gcríochnófaí mo laethanta faoi náire?

agus leagadh sé lámh ar a cheann agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón a fhuil ar imill na haltóra.

an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé óna duáin.

Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó.

chuir sé an méid sin go léir ar na brollaigh agus loisc é go léir ar an altóir.

Dúirt sé leis: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’ -

Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí