ag ligean isteach i mo shanctóir coimhthígh gan timpeallghearradh ina gcroí ná ina gcorp, á thruailliú nuair a ofrálann sibh mo bhia idir shaill agus fhuil. Mar bharr ar bhur n‑uile imeachtaí gránna bhris [sibh] mo chonradh.
Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin.
Ansin dódh clann mhac Árón an chuid sin mar aon leis an íobairt uileloiscthe ar an altóir ar bhrosna na tine. Is íobairt dhóite a bheidh inti agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
“Tabhair an t‑ordú seo leanas ó bhéal do chlann Iosrael. ‘An ofráil dom, mo bhia d'íobairt uileloiscthe, an chumhracht a thaitníonn liom, féachaigí chuige go dtugann sibh chugam é in am tratha.’
Ní foláir daoibh íobairt a dhéanamh mar sin gach lá ar feadh na seacht lá; is bia í, íobairt dhóite, agus cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Tá sí le hofráil de bhreis ar an íobairt uileloiscthe agus ar an íobairt dí a ghabhann léi.
Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?
Ní féidir daoibh cupa an Tiarna a ól agus cupa na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith.
Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa.