Ná déanadh sé é a mhalartú, ná a mhalairt a chur ina áit - ceann maith in ait droch-chinn, droch-cheann in áit an chinn mhaith. Má mhalartaíonn sé ainmhí ar ainmhí eile, bídís araon coisricthe.
Má bhíonn an duine róbhocht chun do luacháil a íoc, tugadh sé an té a bhíonn i gceist i láthair an tsagairt, agus déanadh an sagart luach a leagan de réir acmhainne an té a thug an mhóid.
“Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.
ach is é a deir sibhse: ‘Cibé duine a deir lena athair nó lena mháthair: “Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, táim á choisreacan don Tiarna”;