Más ainmhí neamhghlan é, ní miste é a cheannach ar ais, ar an luach ar ar mheas tú é ach cúigiú leis; mura ndéantar é a fhuascailt, díoltar é ar an luach ar ar mheas tú é.
Níl sé de chead ag aon duine céadghin a n‑ainmhithe a choisreacan, óir mar chéadghin is leis an Tiarna é ó cheart; cibé acu damh nó caora é is leis an Tiarna é.
Aon ní a leagann duine faoi bhang don Tiarna, ní féidir é a dhíol ná é a fhuascailt - aon chuid dá shealúchas, duine nó ainmhí, nó gort dá oidhreacht. Aon rud a chuirtear faoi bhang, is rud sárnaofa é agus baineann sé leis an Tiarna.
Ní foláir dó an slad a rinne a pheaca ar na cearta naofa a aisíoc, an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis leis, agus é a thabhairt don sagart. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó le reithe an íobairt chúitimh agus maithfear dó.”