Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 27:25

An Bíobla Naofa 1981

Déantar gach luacháil de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará an seicil.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Gach duine a thagann faoin daonáireamh, íocfaidh sé an tsuim seo: leath seicil de réir thomhas sheicil an tsanctóra, fiche géara is é sin, agus beidh an leath seicil sin ina ofráil don Tiarna.

Sé an méid óir a úsáideadh san obair - obair iomlán an tsanctóra - (ór a ofráladh a ba ea é): naoi dtallann fichead, agus seacht gcéad agus a tríocha seicil (de réir thomhas seicil an tsanctóra).

Bíodh fiche géará sa seicil; agus in aon mhíoná amháin agaibh bíodh fiche seicil, cúig sheicil is fiche agus cúig sheicil déag.

I mbliain na hiubhaile fillfidh an gort ar an díoltóir, an duine ar leis é de sheilbh oidhreachta.

ansin bíodh leathchéad seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - mar luach agat ar fhear idir fiche agus trí fichid bliain;

“Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.

In aois míosa a fhuasclóidh tú iad ar chostas cúig sheicil, de réir seicil an tsanctóra, fiche géará is é sin.

tóg cúig sheicil an ceann, de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará sa seicil.

sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí