agus nuair a shaortar an gort bliain na hiubhaile, déanann ní coisricthe don Tiarna arís de, ar aon dul le talamh faoi bhang; faigheann an sagart seilbh air.
agus aon duine nach dtiocfadh laistigh de thrí lá - ba é sin rabhadh na gceannairí agus na seanóirí - go ndéanfaí a mhaoin go léir a ghabháil agus é féin a dhíbirt ó chomhthionól na ndeoraithe.
Fogair an leathchéadú bliain naofa, agus fógraigí saoirse do lucht áitribh na tíre go léir; bíodh sí seo ina bliain iubhaile agaibh; filleadh gach duine agaibh ar a dhúchas, gach duine ar a mhuintir féin.
Ach mura mbíonn go leor maoine aige chun é a fháil ar ais uaidh féin, ansin fanadh a mbíonn díolta aige i seilbh an té a cheannaigh go bliain na hiubhaile; i mbliain na hiubhaile ní foláir dósan é a scaoileadh agus fillfeadh sé siúd ar a shealúchas.
Ach na tithe sna sráidbhailte gan caiseal umpu, áirítear iad le talamh na dúiche timpeall; bainfidh ceart fuascailte leo agus ní foláir don té a cheannaigh scaoileadh leo sa iubhaile.
Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -
Ní foláir an chathair agus gach a bhfuil ann a thíolacadh faoi bhang an Tiarna; ná déantar anacal anama ach ar Rácháb an striapach - í féin agus líon a tí mar gur cheil sí na teachtairí a sheolamar.