Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 27:18

An Bíobla Naofa 1981

Má dhéanann sé é a choisreacan tar éis bhliain na hiubhaile, déanadh an sagart an luach in airgead a mheas de réir an líon blianta fós go dtí an chéad iubhaile eile, agus déantar do luacháil a laghdú dá réir.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

déanadh sé líon na mblianta den díshealbhú a bhíonn gan caitheamh aige a áireamh, agus an tsuim ar son an fhaid a bhíonn le dul a íoc leis an té a cheannaigh, agus a shealúchas a fháil ar ais ar an gcaoi sin.

Nuair a dhéanann duine a theach a choisreacan don Tiarna, déanadh an sagart a luach a shocrú, á mheas go hard nó go híseal. Seastar le breith an tsagairt ar a luach.

Má dhéanann sé an gort a choisreacan bliain na hiubhaile, seasadh sé leis an lánluach seo agat.

Más mian leis an té a choisric, an gort a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú leis an luach, agus fanadh an gort aige féin.

ansin déanadh an sagart a luach a mheas as sin go bliain na hiubhaile, agus díoladh an duine suim a luacha an lá sin mar dhéanfadh ar rud coisricthe don Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí