Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh, theitheadar féin leis ó Aibísí, deartháir Ióáb, agus isteach leo ina gcathair. Ansin d'fhill Ióáb ar ais go Iarúsailéim.
Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.
Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír.
Brisfidh an Tiarna i do láthair ar na naimhde a éiríonn i d'aghaidh; tiocfaidh siad ar feadh an aon bhóthair i d'aghaidh; ach gabhfaidh siad seacht mbóthar ar teitheadh uait.
Ghabh Iónátán suas ar lámhacán, agus a fhear iompair airm ina dhiaidh. Thiteadar siúd roimh Iónátán agus tháinig a fhear iompair airm ina dhiaidh, agus mharaigh sé iad.