Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 26:5

An Bíobla Naofa 1981

Mairfidh bualadh bhur n‑arbhair go fómhar an fhíona; mairfidh fómhar an fhíona go cur an tsíl. Íosfaidh sibh bhur sáith aráin, agus mairfidh sibh in bhur dtír beag beann ar chách.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Go raibh ár sciobóil ag cur thar maoil le gach toradh, agus ár dtréada ag breith ina mílte, agus ina ndeicheanna de mhílte inár bpáirceanna.

Achainí Mhaois, giolla Dé. 1 A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.

Dúirt Maois: “Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain - óir céard é sinne? - ach i gcoinne an Tiarna.”

An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma, beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.”

Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.

Má thoilíonn sibh a bheith umhal, íosfaidh sibh de thoradh na talún;

Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t‑arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan.

Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.

An lá sin - an Tiarna a labhraíonn - is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm; choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.

An lá sin déanfaidh mé conradh thar do cheann, le beithígh an mhachaire agus le héanlaith an aeir, agus le péisteanna na talún. Brisfidh mé bogha agus claíomh agus gléas cogaidh, agus scuabfaidh mé iad as an tír, chun go gcodlóidh tú go suaimhneach sámh.

D'fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt: “Féach, tá arbhar agus úrfhíon agus ola nua á gcur chugaibh agam agus beidh bhur ndóthain díobh agaibh agus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbh arís go deo os comhair na náisiún.

Ná bíodh eagla oraibhse ach oiread, a bheithíocha an mhachaire! Mar tá tailte féaraigh na steipeanna glas arís agus na crainn trom faoi thorthaí agus an crann fígí agus an fhíniúin ag tabhairt a gcuid saibhris uathu.

“Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách. Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia, a chaith chomh fial sin libh (agus ní náireofar mo phobal arís go deo).

“Féach, tiocfaidh na laethanta,” a deir an Tiarna, “nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí, agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir; silfidh na sléibhte fíon milis a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.

“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!

ach níor fhág sé riamh iad gan fhianaise air féin; as a rathúnas sheol sé báisteach chugaibh ón spéir agus torthaí i dtráth agus líon bhur gcroí de bhia agus d'áthas.”

tabharfaidh mé féar ar do bhánta do do stoc, agus caithfidh tú bia agus beidh do sháith agat.’

Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.

Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí