Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 26:46

An Bíobla Naofa 1981

Seo iad na reachtanna, na gnásanna, na dlíthe a bhunaigh an Tiarna idir é féin agus clann Iosrael ar Shliabh Shíonái trí láimh Mhaois.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Bhí do shlí ar fud na farraige agus do chosáin sna huiscí móra bíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil.

Labhair an Tiarna le Maois ar Shliabh Shíonái, agus dúirt:

Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

Sin iad na haitheanta a d'aithin an Tiarna do Mhaois thar ceann chlann Iosrael ar Shliabh Shíonái.

Sin é a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ar Shliabh Shíonái nuair a d'aithin sé do chlann Iosrael a n‑ofrálacha a thabhairt chun an Tiarna i bhfásach Shíonái.

Rinne Árón agus a chlann mhac gach ní a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois.

Sin iad na haitheanta agus na dlithe a d'aithin an Tiarna do chlann Iosrael trí Mhaois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.

Ba é sin líon treabhchais Chohát, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo, agus a d'áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.

Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois, ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.

“Seo iad na dlíthe agus na reachtanna nach foláir daoibh a choimeád agus a chomhlíonadh sa tír a thug an Tiarna Dia d'aithreacha duit le sealbhú, fad tá cónaí ort sa tír sin.

An Tiarna bhur nDia atá le leanúint agaibh, roimhe atá eagla le bheith oraibh, a aitheanta atá le coimeád agaibh, dá ghlor atá sibh le géilleadh; is dó atá sibh le seirbhís a dhéanamh agus is leis atá sibh le cloí.

Sin iad briathra an chonartha a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois a dhéanamh le clann Iosrael i dtír Mhóáb i dteannta an chonartha a rinne sé leo ag Horaeb.

(Leag Maois dlí orainn.) Tá comhthionól Iacóib ag dul i seilbh a oidhreachta.

Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d'aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air.

“Seo iad dá bhrí sin an aithne, na dlíthe, agus na reachtanna d'aithin an Tiarna bhur nDia dom a mhúineadh daoibh i dtreo go gcomhlíonfadh sibh iad san fhearann dá dtéann sibh anonn chun a shealbhaithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí