Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: “Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,
Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt: “Mise Dia d'athar Abrahám. Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol, Ar son mo shearbhónta Abrahám.”
Agus bhí an Tiarna ansiúd ina sheasamh os a chionn agus dúirt: “Mise an Tiarna, Dia Abrahám, d'athair, agus Dia Íosác. Tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht an talamh ar a bhfuil tú i do luí.
Féach! táim taobh leat agus cosnóidh mé thú cibé áit a ngabhfaidh tú agus seolfaidh mé ar ais chun na tíre seo thú, mar ní scarfaidh mé leat nó go ndéanfaidh mé a bhfuil geallta agam duit.”
Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.
cuimhneoidh mé ar an gConradh atá idir mise agus sibhse, agus gach dúil bheo den uile fheoil; agus ní dhéanfaidh díle go deo arís de na huiscí chun an uile fheoil a scrios.
Nuair a bheidh an bogha sna néalta, féachfaidh mé air agus cuimhneoidh mé ar an gConradh síoraí atá idir Dia agus an uile dhúil bheo den uile fheoil dá bhfuil ar talamh.”
Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.
Óir is Dia trócaireach an Tiarna do Dhia; ní thréigfidh sé thú, ná thú a scrios, ná ní dhéanfaidh dearmad ar an gconradh a rinne sé le bhur n‑aithreacha faoi bhrí na mionn.
Ghabh aingeal an Tiarna suas ó Ghilgeál go Bocaím, agus dúirt: “Thug mé aníos ón Éigipt thú agus sheol mé isteach sa tír seo thú a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha. Dúirt mé: ‘Ní bhrisfidh mé mo chonradh libh go brách.