Léivític 26:36An Bíobla Naofa 1981Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir. Féach an chaibidil |
Agus ar do cheistiú acu: ‘Cad chuige an mhairg?’, freagroidh tú: ‘Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”
Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.