Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 26:32

An Bíobla Naofa 1981

Scriosfaidh mise, sea mise féin, an talamh i dtreo go gcuirfidh sé alltacht ar bhur naimhde a chuirfidh fúthu ann.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Agus maidir leis an Teampall seo, déanfar leachtán de; cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid; ligfidh siad fead agus déarfaidh siad: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo ar an tír agus ar an Teampall seo?’

Féach, tá an Tiarna ag creachadh na talún, tá sé á scriosadh agus á hiompú bun os cionn; tá a muintir á scaipeadh aige,

Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.

Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa: “Is iomaí teach a leagfar! Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;

Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,

Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh, tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach.

Rinneadh aonaránach í, áit uaigneach i mo shúile. Rinneadh fásach den dúiche ar fad, agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.

Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach; déanfar ábhar fonóide di go deo; an té a rachaidh thairsti beidh uafás air agus craithfidh sé a cheann.

Déanfaidh mé an chathair seo uaigneach, ina hábhar scige; beidh uafás ar an té a ghabhfaidh thairsti agus ligfidh sé fead iontais as faoina leithéid de thubaiste.

Scriosfar an tír ar fad agus beidh sí ina fásach, fad a fhanfaidh siad ina sclábhaithe i measc na gciníocha go ceann seachtó bliain.

(Iarúsailéim agus bailte Iúdá, a ríthe siúd agus a bprionsaí a dhéanamh fásaigh agus uafáis díobh, agus magaidh agus mallaithe mar atá inniu);

Tá an leon tar éis a uachais a fhágáil, anois tá a dtír ina fhásach, de bharr an chlaímh mhillte, de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna.”

Is mar seo a deir an Tiarna: ‘San áit seo, a deir tusa: Is uaigneach é gan duine ná ainmhí; i mbailte Iúdá agus i sráideanna briste Iarúsailéim mar nach bhfuil duine ná ainmhí, cluinfear arís

“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Chonaic sibh an t‑anró uile a thug mise ar Iarúsailéim agus ar bhailte Iúdá; inniu tá siad ina bhfothracha gan cónaí iontu.

Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.

Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch, ina huaimh seacál, déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”

Níor chreid ríthe an domhain mhóir ná duine ar bith dá maireann ar an saol go rachadh namhaid nó eascara dá laghad isteach trí gheataí Iarúsailéim.

toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann.

Beidh sibh in bhur n‑ábhar náire agus dímheasa, beidh sibh in bhur bhfógra uafáis do na ciníocha máguaird, nuair a ghearrfaidh mé pionóis fhíochmhara oraibh le teann feirge agus cuthaigh. Mise, an Tiarna, a labhair.

Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.

“Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht.

Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí