Léivític 26:31An Bíobla Naofa 1981Fágfaidh mé bhur gcathracha ina bhfothracha; scartálfaidh mé bhur sanctóirí; ní bholóidh mé cumhracht libh a thaitneoidh liom. Féach an chaibidil |
Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d'éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.
An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.