Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 26:30

An Bíobla Naofa 1981

Scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n‑altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n‑íol marbh; beidh an ghráin ag m'anam oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Óir táimid ar tí an áit seo a scrios mar is éachtach é an liú atá éirithe in aghaidh a mhuintire agus shroich sé i láthair an Tiarna, agus chuir an Tiarna sinn chun é a scrios.”

Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”

Óir an briathar a ghlaoigh sé ar ordú an Tiarna in aghaidh altóir Bhéitéil, agus in aghaidh scrínte uile na n‑ardionad i gcathracha na Samáire, tiocfaidh sé chun críche go cinnte.”

Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall chonaic sé na tuamaí ansiúd ar thaobh an chnoic; chuir sé fios ar na cnámha as an tuamaí agus dhóigh iad ar an altóir, agus thruailligh í de réir bhriathar an Tiarna a d'fhógair an giolla Dé [nuair a bhí Iarobám ina sheasamh ag an altóir le linn na féile. Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall, chonaic sé tuama an ghiolla Dé] a thairngir na nithe sin.

Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim.

Thug sé isteach na sagairt go léir as cathracha Iúdá agus thruailligh sé na hardionaid mar a ndódh na sagairt sin túis, ó Gheaba go Béar Seaba. Scartáil sé scrín na satairí a bhí ag geata Iósua, rialtóir na cathrach, a bhí ar do chlé ag dul geata na cathrach isteach.

Chuaigh an pobal go léir ansin go teampall Bhál agus scrios siad é. Rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí.

Nuair a bhí sin go léir thart, d'imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d'fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.

Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail; ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.

mairfidh sí go buan mar an ngealach, ina finné fíordhílis ar neamh.” Selah

Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh

Ar thréig tú Iúdá amach agus amach? An fuath le d'anam Síón? Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn? Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin! Le ham tarrthála - ach féach scanradh!

Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”

Tabharfaidh mé suas thú do do leannáin, réabfaidh siad d'ardán agus scriosfaidh d'ardionaid; bainfidh siad do chuid éadaí díot, ropfaidh siad chun siúil do sheoda breátha agus fágfaidh siad thú lom tarnocht.

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m'ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,

Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n‑íol timpeall a n‑altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n‑íola uile.

Croí dúbailte atá acu, ach tá siad ar tí a smachtaithe anois. Brisfidh an Tiarna a n‑altóirí, agus scriosfaidh sé a liagáin.

Ná leanaigí nósanna an náisiúin atá á ndibirt agam romhaibh; chleachtaidís na nithe úd go léir agus uime sin tháinig an ghráin agam orthu.

Cuirfidh mé suas mo bhoth in bhur measc, agus ní bheidh an ghráin agam oraibh.

má dhiúltaíonn sibh do mo dhlíthe agus más beag oraibh mo reachtanna, agus má bhriseann sibh mo chonradh trí fhaillí a dheanamh i m'aitheanta,

Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.

Creachfar áiteanna arda Íosác; bánófar sanctóirí Iosrael nuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.”

Chonaic an Tiarna é seo agus le barr feirge chaith sé uaidh a chlann mhac agus iníonacha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí