Tabharfaidh mé orthu feoil a mac agus a n‑iníonacha féin a ithe; íosfaidh siad a chéile i rith an léigir, sa chruóg lena gcúnglóidh a naimhde iad le fonn a maraithe.”
Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar cé hí ar chaith tú léi mar seo; ní féidir gurbh éigean do mhná naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe; ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe a mharú i sanctóir an Tiarna!
Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh, bhruith siad a leanaí lena lámha féin; is iad a bhíodh mar bhia acu, nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios.
Dá bhrí sin íosfaidh bhur n‑aithreacha a mic in bhur measc agus bhur mic a n‑aithreacha; cuirfidh mé breithiúnas i bhfeidhm oraibh agus scaipfidh mé an t‑iarmhar i dtreo na n‑uile ghaoth.