Mura ndéanann an méid sin sibh a iompú ar ais chugam, ach go mbíonn sibh fós ag cur i m'aghaidh,
Is glan tú le lucht na glaine croí, ach cuireann tú cor in aghaidh an chaim.
Is dílis tú don duine dílis, is ionraic tú leis an duine ionraic.
Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac; níor ghabh sibh aon cheartú; bhur gclaíomh féin, mar leon craosach, a mharaigh bhur bhfáithe.
A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
Má chuireann sibh i m'aghaidh agus gan éisteacht liom, leagfaidh mé na plánna sin oraibh mar phionós faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.