Scaoilfidh mé ainmhithe allta fúibh, agus déanfaidh siad slad ar bhur leanaí agus creach ar bhur n‑eallach agus díothú ar bhur líon nó go mbeidh bhur mbóithre tréigthe.
Chas sé timpeall agus d'fhéach orthu agus chuir mallacht orthu in ainm an Tiarna. Tháinig dhá bheithir bhaineanna amach as an gcoill agus stolladar beirt agus daichead de na buachaillí.
Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talún agus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta. Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite, agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.
Tá na bealaí móra tréigthe, níl aon duine ag taisteal na mbóithre. Tá an conradh briste, agus drochmheas ar na finnéithe, ní thugtar aird ar an duine a thuilleadh.
agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n‑achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile - óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin -
Tá bóithre Shíón ag caoi mar ní thaithítear a hionad teagmhála; tá a geataí uile bánaithe agus déanann a sagairt osnaíl; bíonn a maighdeana go léir á gcrá. Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!
“Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!
Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís.
Seolfaidh mé gorta agus ainmhithe allta in bhur gcoinne a chreachfaidh bhur sliocht oraibh; rachaidh plá agus fuil tríbh agus cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh. Mise, an Tiarna, a labhair.”
Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír.
Ach scaip mé chun fáin iad i measc na náisiún uile nach raibh aithne acu orthu; agus tar éis dóibh imeacht bánaíodh an tír sa chaoi nach raibh duine ná deoraí ag gabháil anonn agus anall inti. Ar an gcuma sin rinne siad fásach folamh dá ndúiche álainn.”
Beidh sciobóil ghorta mar airm agam; galar agus eitinn mar nimh. Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe allta agus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.