Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”
agus síneann sé amach a lámha ansin, mar a shíneann snámhadóir amach iad chun snámha. Ach tugann an Tiarna béim síos dá uabhar le gach bang dá ndéanann sé.
Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim, do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair, agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith; is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!
Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.
‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.
Seo mar a deir an Tiarna: Titfidh lucht taca na hÉigipte, rachaidh a neart mórchúiseach i laige, titfidh siad inti leis an gclaíomh ó Mhigdeol go Saené an Tiarna Dia a labhraíonn.
Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís.
“An lá sin ní náireofar thú as na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh. Mar tógfaidh mé as do lár ansin do chuid bladhmairí uaibhreacha; agus uaidh sin amach ní bheidh tú ag siúl timpeall go toirtéiseach níos mó ar mo shliabh naofa.
Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir,
nó lasfaidh fearg an Tiarna in bhur n‑aghaidh, dúnfaidh sé na flaithis agus ní bheidh aon fhearthainn ann; ní thabharfaidh an talamh a thoradh agus díothófar sibh gan mhoill sa tír thorthúil atá á thabhairt ag an Tiarna daoibh.
Nuair a d'fhill na fir ar an gcampa, dúirt seanóirí Iosrael: “Cad chuige ar chuir an Tiarna an teitheadh orainn inniu roimh na Filistínigh? Tugaimis áirc chonradh an Tiarna linn ó Shileo d'fhonn go dtiocfadh sé inar measc agus sinn a fhuascailt ó chumhacht ár naimhde.”