Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 26:14

An Bíobla Naofa 1981

Mura n‑éisteann sibh liom, agus gach ceann de na haitheanta seo a chomhlíonadh,

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

“Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin agus thar ceann an phobail i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Ní foláir nó is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nach raibh ár n‑aithreacha umhal d'fhocail an leabhair seo agus nár chuir siad gach rud i gcrích atá scríofa ann.”

Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, na mallachtaí go léir, is é sin, atá scríofa sa leabhar a léadh i láthair rí Iúdá;

Ach má iompaíonn sibh uaim, agus nach gcoimeádfaidh sibh m'aitheanta agus mo reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,

Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór; níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.

Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine, ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan.

Ach níor umhlaigh siad, níor thug dom cluas; shiúil gach aon díobh i gcomhairle a dhrochchroí féin. Ar an ábhar sin chomhlíon mé ina gcoinne briathra uile an chonartha seo a d'ordaigh mé dóibh a dhéanamh, ach nach ndearna siad.”

Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”

Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna: Mura n‑éisteann sibh liomsa trí mo dhlí a chuir mé romhaibh a chomhlíonadh,

Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra;

Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a d'ordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t‑olc seo uile a theacht orthu.

Ansin thóg ceannaire an gharda Irimia i leataobh agus dúirt leis: “Is é an Tiarna do Dhia a d'fhógair an t‑olc ar an tír seo;

Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú; éistigí, mar sin, a chiníocha uile, agus breathnaígí ar m'ainnise; tá mo mhaighdeana agus m'ógánaigh imithe uaim i mbraighdeanas.

Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige; an rabhadh a thug sé fadó riamh tá sé curtha i gcrích aige anois; tá sé tar éis tú a threascairt gan trua; rinne sé ábhar suilt do do naimhde díot agus chuir sé go mór lena gcumhacht.

Ach cibé áit a n‑eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon, agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir, agus smachtóidh mé iad de réir líon a n‑urchóidí.

Mura n‑éisteann sibh liom dá ainneoin sin, déanfaidh mé sibh a phionósú arís faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.

Mura n‑éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m'ainm, a deir Tiarna na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith.

Duine ar bith nach n‑éisteoidh leis an bhfáidh sin, dísceofar as an bpobal é.’

Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.

Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh.

Cibé uair a ghluaisidís chun catha bhíodh an Tiarna ina n‑aghaidh á gclipeadh de réir mar a bhí geallta aige dóibh agus de réir mar a mhionnaigh sé dóibh, ionas go rabhadar faoi shrathair na hainnise.

Ach in ionad géilleadh do ghlór an Tiarna, má dhéanann sibh ceannairc in aghaidh a aithne, beidh a lámh in bhur n‑aghaidh agus in aghaidh bhur [rí].




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí