Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 26:10

An Bíobla Naofa 1981

Íosfaidh sibh bhur sáith d'fhómhar na bliana caite agus caithfidh sibh an sean amach chun slí a dhéanamh don nua.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Agus beidh sé seo mar chomhartha agat: i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin, agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán. Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain, saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.

Tá na hurláir bhuailte lán d'arbhar agus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.

Beidh an seantoradh fós á ithe agaibh agus sibh ag cur san ochtú bliain; sea agus beidh an seantoradh á ithe agaibh fós sa naoú bliain agus sibh ag feitheamh le fómhar na bliana sin.

agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: ‘Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barraí?’

Amárach na Cásca, an lá sin díreach, d'itheadar cuid de thorthaí na tíre, cístí gan ghabháile agus arbhar tíortha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí