Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 25:9

An Bíobla Naofa 1981

Ar an deichiú lá den seachtú mí cuir an trumpa á shéideadh; ar Lá an Leorghnímh cuirigí an trumpa á shéideadh ar fud na críche.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Cóir agus ceart atá mar bhonn do do ríchathaoir; gabhann buanghrá agus dílseacht romhat amach.

Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais; siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna.

An lá sin, séidfear an stoc mór agus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíre agus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte, agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.

“Nuair a bheidh gnás an leorghnímh don sanctóir, do Bhoth na Teagmhála, agus don altóir, comhlíonta aige, tugadh sé an pocán eile, an ceann beo, i láthair.

“Bíodh sé seo mar dhlí síoraí agaibh: Ar an deichiú lá den seachtú mí, déanaigí troscadh, agus scoirigí den obair, idir thíorthaíoch agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc.

Óir is é seo an lá ar a ndéanfar gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son, d'fhonn sibh a ghlanadh. Glanfar sibh ó bhur bpeacaí go léir i láthair an Tiarna.

An chéad lá den seachtú mí, bíodh sé ina shaoire shollúnta agaibh, cuimhneachán fógartha ag séideadh an trumpa, comhthionól naofa.

“An deichiú lá den seachtú mí Lá an Leorghnímh agaibh. Bíodh comhthionól naofa agaibh. Déanaigí troscadh agus ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.

Comhair seacht seachtaine de bhlianta, sé sin aga seacht faoi sheacht de bhlianta; naoi mbliana agus daichead a bheidh sna seacht seachtaine de bhlianta.

Má dhéanann sé an gort a choisreacan bliain na hiubhaile, seasadh sé leis an lánluach seo agat.

I mbliain na hiubhaile fillfidh an gort ar an díoltóir, an duine ar leis é de sheilbh oidhreachta.

In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n‑íobairtí loiscthe agus bhur n‑íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.”

Nuair a thiocfaidh iubhaile chlann Iosrael ansin cuirfear a n‑oidhreacht sin le hoidhreacht na treibhe lena mbainfidh siad ansin, agus bainfear í d'oidhreacht threibh ár n‑aithreacha.”

Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”

le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.

Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi.

Iompróidh mórsheisear sagart seacht dtrumpaí d'adharca reithe os comhair na háirce; ar an seachtú lá máirseálfaidh sibh timpeall na cathrach seacht n‑uaire agus séidfidh na sagairt na trumpaí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí