Má luíonn an bochtanas ar do dheartháir agus go gcaitheann sé a oidhreacht a dhíol, tagadh an gaol is gaire dó chuige agus déanadh sé a mbíonn díolta ag a dheartháir a fhuascailt.
déanadh sé líon na mblianta den díshealbhú a bhíonn gan caitheamh aige a áireamh, agus an tsuim ar son an fhaid a bhíonn le dul a íoc leis an té a cheannaigh, agus a shealúchas a fháil ar ais ar an gcaoi sin.
Is féidir do dheartháir a athar, do mhac dearthár a athar, nó do dhuine dá mhuintir féin é a fhuascailt; má thagann speilp air féin, is féidir dó é féin a fhuascailt.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.