“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a rachaidh sibh isteach san fhearann atá á thabhairt agam daoibh, bíodh sabóid sosa ag an bhfearann don Tiarna.
Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”
beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”
Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.
Bíodh sé seo ina shabóid saoire shollúnta agaibh, agus déanaigí troscadh. Tráthnóna an naoú lá den mhí, uaidh sin go dtí an tráthnóna dár gcionn, bíodh sé ina shabóid agaibh.”
“Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael.
Dúirt an Tiarna leis: “Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, á rá: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.”