Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 24:7

An Bíobla Naofa 1981

Cuir túis ghlan le gach rang. Sin é an bia a ofrálfar mar chuimhneachán don Tiarna ina ofráil dhóite.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Nuair a bheidh an bogha sna néalta, féachfaidh mé air agus cuimhneoidh mé ar an gConradh síoraí atá idir Dia agus an uile dhúil bheo den uile fheoil dá bhfuil ar talamh.”

Beidh an lá seo agaibh mar lá cuimhneacháin, agus ní foláir daoibh é a cheiliúradh mar shollúin don Tiarna. Ní foláir daoibh é a fhógairt ina lá féile ó ghlúin go glúin go deo.

Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.”

Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n‑ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna.

Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada, níor thug tú onóir dom le híobairtí. Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort, níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort.

Más abhlann a ofrálann duine don Tiarna, bíodh a ofráil de phlúr agus doirteadh sé ola air agus cuireadh sé túis chumhra air.

Tugadh sé í chun clann Árón, na sagairt. Tógadh sé dorn den phlúr agus den ola, agus an túis chumhra go léir, agus dódh an sagart an méid sin ar an altóir mar chuimhneachán, ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Tógadh an sagart an chuid chuimhnithe den abhlann agus dódh sé ar an altóir í mar ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

“Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.

Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t‑arán seo mairfidh sé go deo, agus an t‑arán a thabharfaidh mé uaim is é m'fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”

‘A Choirnéilias,’ ar sé, ‘tá éiste le do ghuí agus tá cuimhne ar do dhéirc i bhfianaise Dé.

Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.

trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.

Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí