don mheáchan óir do na coinnleoirí óir agus dá lóchrainn, don mheáchan óir do gach coinnleoir agus dá lóchrainn, don mheáchan airgid don choinnleoir airgid agus dá lóchrainn, de réir mar ba ghá do gach coinnleoir sa tseirbhís,
Rinne siad fiú amháin doirse an phóirse a dhúnadh, na lóchrainn a mhúchadh, gan túis a dhó ná íobairtí dóite a ofráil san áit atá coisricthe do Dhia Iosrael.
Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.
Lasmuigh de fhial na Fianaise, i mBoth na Teagmhála, bíodh Árón i bhfeighil an tsolais seo. Bíodh sé ar lasadh ansiúd i láthair an Tiarna ó nóin go maidin gan teip. Reacht síoraí é sin do bhur sliocht.
Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.
Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.
Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.
Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.