“Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann.
Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: ‘Mhallaigh tú Dia agus an rí.’ Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.”
“Abair le clann Iosrael: Aon duine de chlann Iosrael nó aon deoraí dá gcuireann fúthu in Iosrael, a thugann aon duine dá leanaí do Mhoilic, cuirtear chun báis é; gabhadh muintir na tíre cloch ar chloch air.
Aon fhear nó bean is asarlaí nó draíodóir, cuirtear chun báis iad; gabhtar de chlocha, cloch ar chloch, orthu. Bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.”
tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha.
Ansin déanadh a chomhchathróirí go léir é a chur chun báis de chlocha; déanaigí an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur lár. Cluinfidh Iosrael uile faoi seo, agus beidh scanradh orthu.
ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.
“Cad ina thaobh,” arsa Iósua, “gur thug tú mí-ádh sa mhullach orainn? Go dtuga an Tiarna mí-ádh sa mhullach ort féin inniu!” Agus ghabh Iosrael go léir air de chlocha; loisceadar le tine iad agus ghabhadar de chlocha orthu.