Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 23:8

An Bíobla Naofa 1981

Ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna ar feadh seacht lá; bíodh comhthionól naofa agaibh an seachtú lá, gan aon obair a dhéanamh.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Agus an chéad lá beidh comhthionól naofa agaibh agus comhthionól naofa mar an gcéanna ar an seachtú lá. Ná déantar aon scaob oibre na laethanta sin, ach gur féidir daoibh cibé rud a íosfaidh gach duine a chóiriú.

Ar feadh na seacht lá íosfaidh tú arán gan ghabháile, agus ar an seachtú lá beidh féile agat don Tiarna.

Ar feadh seacht lá na féile ofrálfaidh sé mar íobairt dhóite don Tiarna seacht dtarbh óga agus seacht reithe gan smál, gach lá den tseachtain; agus pocán gabhair gach lá mar íobairt pheaca.

An chéad lá bíodh tionól naofa agaibh, gan aon saothar trom a dhéanamh.

Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

Ar an gcéad lá bíodh tionól sollúnta, agus ná déanaigí aon obair throm,

Ar an seachtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh, gan aon obair throm á dhéanamh.

Lá na gcéadtorthaí, nuair a ofrálann sibh bhur n‑abhlann de ghrán nua don Tiarna, in bhur bhFéile Seachtainí, bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm.

Ar feadh sé lá, ith arán slim agus ar an seachtú lá bíodh tionól clabhsúir don Tiarna do Dhia; ná déan aon sórt oibre an lá sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí