A luaithe a chuala siad é sin, [d'fhógair] siad ina gcathracha go léir agus in Iarúsailéim: “Téigí faoi na sléibhte agus tugaigí libh géaga de chrainn olóige, píne agus mirtil agus pailme agus de chrainn chraobhacha eile le scáthláin a dhéanamh mar atá scríofa sa leabhar.”
Beidh an lá seo agaibh mar lá cuimhneacháin, agus ní foláir daoibh é a cheiliúradh mar shollúin don Tiarna. Ní foláir daoibh é a fhógairt ina lá féile ó ghlúin go glúin go deo.
Tabharfaidh siad breithiúnas in imreas, breithiúnas a bheidh de réir mo reachtanna; comhlíonfaidh siad mo reachtanna agus mo dheasghnátha ag m'fhéilte cinnte uile. Coinneoidh siad mo shabóidí naofa.
Bíodh comhthionól agaibh an lá céanna sin, comhthionól naofa; ní dhéanfaidh sibh aon saothar trom. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht, cibé áit ina mbeidh cónaí oraibh.
Sin iad féilte cinnte an Tiarna atá le fógairt agaibh mar thráthanna tionóil naofa chun íobairtí dóite a ofráil don Tiarna, agus uileloiscthigh agus abhlanna, íobairtí agus ofrálacha dí, de réir ghnás gach lae,