Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 23:34

An Bíobla Naofa 1981

“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: An cúigiú lá déag den seachtú mí seo féile na dTaibearnacal don Tiarna, agus maireadh sé seacht lá.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d'ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n‑ardionad a bhí bunaithe aige.

Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh i mí Éatáiním le linn na féile (an seachtú mí, sé sin)

An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach a choinneáil.

Rinne siad féile na dTaibearnacal a cheiliúradh de réir mar atá scríofa leis an líon íobairtí dóite laethúil atá ceaptha ag an reacht le haghaidh an lae;

Agus fuair siad scríofa sa dlí a d'aithin an Tiarna trí Mhaois: “Tá clann Iosrael le maireachtáil i scáthláin le linn féile an tseachtú mí.”

Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair - nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt - agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.

Ceiliúir Féile na Seachtainí, Féile Chéadtorthaí fómhair na cruithneachta, agus Féile Chlabhsúr an Fhómhair i ndeireadh na bliana.

“Don fhéile a thiteann ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, déanfaidh sé mar an gcéanna ar feadh seacht lá, ag soláthar d'íobairtí peaca, d'íobairtí dóite, d'abhlann agus d'ola.”

Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

Mairigí faoi scáthláin ar feadh seacht lá; maireadh gach Iosraelach dúchais faoi scáthláin,

i dtreo go mba eol do bhur sliocht gur chuir mé d'iallach ar chlann Iosrael maireachtáil faoi scáthláin nua a thug mé amach iad as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna, bhur nDia.”

Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí obair throm agus ceiliúraigí féile don Tiarna ar feadh seacht lá.

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.

Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achmaireacht.

“Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,

Thug Maois an aithne seo dóibh: “Ag deireadh gach seacht mbliana, ag an am ceaptha don fhuascailt, ag féile na dTaibearnacal,

Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.

Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí