Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 23:28

An Bíobla Naofa 1981

Ná déanaigí aon obair an lá sin, óir is é Lá an Leorghnímh é, ina bhfuil gnás an leorghnímh le comhlíonadh ar bhur son i láthair an Tiarna bhur nDia.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.

Óir is é seo an lá ar a ndéanfar gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son, d'fhonn sibh a ghlanadh. Glanfar sibh ó bhur bpeacaí go léir i láthair an Tiarna.

agus comhlíonadh sé leorgníomh an tsanctóra naofa, Bhoth na Teagmhála agus na haltóra. Ansin ceiliúradh sé gnás an leorghnímh thar ceann na sagart agus mhuintir an chomhthionóil uile.

Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.” Rinneadh mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

“An deichiú lá den seachtú mí Lá an Leorghnímh agaibh. Bíodh comhthionól naofa agaibh. Déanaigí troscadh agus ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.

Seo í an chloch atáimse a chur ar Iósua; tá seacht ngrua ar an aon chloch amháin seo agus greanfaidh mé féin an inscríbhinn uirthi, a deir Tiarna na Slua, agus glanfaidh mé urchóid na tíre seo di in aon lá amháin.

Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an t‑aon uair amháin ar fad.

Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear.

Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn.

Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.

Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.

Seo é an grá - ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.

Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí