“Ansin maraíodh sé an pocán d'íobairt pheaca an phobail, agus tugadh sé a fhuil thar fial isteach. Déanadh sé dála fhuil an tairbh leis an bhfuil seo, agus croitheadh sé í ar chathaoir na trócaire agus os comhair na cathaoireach sin.
Fara an arán, ofrálaigí seacht n‑uan bliana gan mháchail, tarbh óg agus dhá reithe, mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar aon le habhlann agus íobairt dí, agus íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna.
Cuireadh an sagart i láthair an Tiarna iad mar dhleacht ar leith, mar aon le harán na gcéadtorthaí. Is nithe naofa don Tiarna iadsan agus an dá uan agus fillidís ar an sagart.
mar seo atá le déanamh: Más neamhaire an chomhthionóil uile a bhíonn i gceist, déanadh an comhthionól uile íobairt uileloiscthe de tharbh óg, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, mar aon lena abhlann agus lena íobairt dhoirte de réir gnáis; agus ofráiltear pocán gabhair mar íobairt pheaca.
An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn