Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 23:14

An Bíobla Naofa 1981

Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Thug tú eolas dóibh ar do shabóid naofa; Shocraigh tú aitheanta (agus reachtanna) agus dlí dóibh, Trí Mhaois do shearbhónta.

Tá dlí an Tiarna gan cháim: athbheonn sé an t‑anam. Is iontaofa í fianaise an Tiarna, a thugann eagna don fhíréan.

Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”

Tabhair tús do nús ó d'fhearann go teach an Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i bhfuil a mháthar.”

agus nuair a bheidh na reachtanna go léir a dheachtaigh an Tiarna dóibh trí bhéal Mhaois agaibh á dteagasc do chlann Iosrael.”

Más céadtorthaí a bhíonn á n‑ofráil agat mar abhlann don Tiarna, ofráil, mar abhlann ó do chéadtorthaí, grán nua meilte ó dhiasa úra, agus é tíortha ag an tine.

Ná déanaigí aon sórt oibre; is reacht síoraí é sin do bhur sliocht, cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.

Déanaigí feile a cheiliúradh don Tiarna ar an gcuma sin ar feadh seacht lá gach bliain. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht. Ceiliúraigí í sa seachtú mí.

Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”

Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus coimeád na reachtanna seo le barr cúraim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí