Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 23:13

An Bíobla Naofa 1981

Sé a bheidh in abhlann an lae sin, dhá dheachú de phlúr mín fuinte le hola, íobairt uileloiscthe a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. An ofráil dí, bíodh sí d'fhíon, ceathrú hín.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

agus cúig chéad seicil - de réir tomhais sheicil an tsanctóra - de chaisia, agus hín d'ola ológ.

Ní ofrálfaidh tú túis gan naofacht uirthi, ná íobairt loiscthe, ná abhlann; ní dhoirtfidh tú deoch ofrála uirthi.

An t‑uisce a ólfaidh tú tomhaisfidh sé an séú cuid de hín; uair amháin sa lá a ólfaidh tú.

Ofrálfaidh sé mar abhlann éafá do gach tarbh, éafá do gach reithe, agus hín ola do gach éafá.

Ofrálfaidh sé chomh maith gach maidin an séú cuid d'éafá agus an tríú cuid de hín ola le meascadh leis an bplúr. Sin tabhartas don Tiarna, deasghnáth buan síoraí.

Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta, agus canaigí caoineadh! Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra! Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach, a fhriothálaithe mo Dhé, mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí díbeartha as teach bhur nDé.

Ní dhéantar ofráil arbhair ná íobairt dí níos mó i dteach an Tiarna. Caoinigí, a shagarta, a lucht friotháilte an Tiarna!

Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arís agus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidh sa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibh le haghaidh an Tiarna bhur nDia.

“Ar an ochtú lá beireadh sé leis dhá uan fhireanna agus fóisc gan mháchail, trí dheachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus log ola.

An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

“Sí seo an íobairt nach foláir d'Árón agus dá chlann mhac a ofráil don Tiarna lá a n‑ungtha: Deachú éafá de phlúr mín mar abhlann shíoraí, a leath ar maidin agus an leath eile tráthnóna.

Tá íobairt uileloiscthe na sabóide le hofráil gach sabóid mar aon leis an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an íobairt dí a ghabhann léi.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí