Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 23:12

An Bíobla Naofa 1981

An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ní foláir an t‑uan agaibh a bheith gan mháchail, fireann agus in aois bliana; is cuma an meannán nó uan caorach a thógfaidh sibh.

Más ainmhí ón tréad, ceann de na caoirigh nó de na gabhair, a bheidh le hofráil aige le huileloscadh, ofráladh sé fireannach gan mháchail.

Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.

Cuireadh sé i láthair an Tiarna í mar dhleacht ar leith, d'fhonn go nglacfaí libh. Amárach na sabóide a dhéanfaidh an sagart an ofráil seo.

Sé a bheidh in abhlann an lae sin, dhá dheachú de phlúr mín fuinte le hola, íobairt uileloiscthe a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. An ofráil dí, bíodh sí d'fhíon, ceathrú hín.

ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí