Caithfidh Árón ar a éadan í agus iompróidh Árón air féin cibé lochtanna a bhíonn ar na hofrálacha naofa a chroisriceann clann Iosrael mar íobairtí naofa; beidh sí de shíor ar a éadan d'fhonn is go nglacfaí leo i láthair an Tiarna.
Ach an brollach a ofráladh agus an cheathrú a cuireadh i leataobh, ithigí in áit ghlan iad, tusa agus do chlann mhac agus d'iníonacha mar aon leat; óir sin í an chuid d'íobairtí comaoineach chlann Iosrael is dual duitse agus do do chlann mhac agus do d'iníonacha mar aon leat.
“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a théann sibh isteach sa tír atá á thabhairt agam daoibh, agus a fhómhar a bhaint, tugaigí céadphunann bhur bhfómhair go dtí an sagart.