Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 23:1

An Bíobla Naofa 1981

Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

agus nuair a bhíonn ofrálacha loiscthe á n‑ofráil don Tiarna ar an tsabóid, ar an ré nua, nó ar shollúntas - líon áirithe díobh is é sin de réir mar a shocródh an riail. Dualgas seasmhach orthu é sin i láthair an Tiarna.

Teach mór a bheidh sa teach atáim a thógáil, mar is mó ár nDia ná na déithe go léir.

mar a d'éiligh dualgas gach lae, ag ofráil de réir aithne Mhaois do na sabóidí, na réanna nua, na trí féilte bliantúla - féile an aráin gan ghabháile, féile na seachtainí, agus féile na dtaibearnacal.

Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam; cuireann an toit atá uathu déistin orm. Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil... ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó.

Tabharfaidh siad breithiúnas in imreas, breithiúnas a bheidh de réir mo reachtanna; comhlíonfaidh siad mo reachtanna agus mo dheasghnátha ag m'fhéilte cinnte uile. Coinneoidh siad mo shabóidí naofa.

Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael.

Ag na féilte agus na séasúir chinnte ofrálfar éafá mar abhlann le gach tarbh, éafá le gach reithe, rogha tabhartais leis na huain agus hín ola le gach éafá.

Mise a thug amach sibh ó thalamh na hÉigipte le bheith mar Dhia agaibh. Mise an Tiarna.”

“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: (Sollúna an Tiarna dá nglaonn tú iad, is tionóil naofa iad.) Seo iad m'fhéilte sollúnta!

Thug Maois tuairisc ar fhéilte sollúnta an Tiarna do chlann Iosrael ar an gcuma sin.

agus go ndéanann sibh, mar chumhracht a thaitneoidh leis an Tiarna de rogha an tréada nó na tána, ofráil dhóite don Tiarna mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é, nó mar ofráil dheonach, nó ar ócáid féile sollúnta de bhur gcuid,

Agus sibh ag comóradh laethanta féile agus míonna agus ráithí agus blianta!

Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí