Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 22:4

An Bíobla Naofa 1981

Aon duine de shliocht Árón ar a mbíonn lobhra nó sileadh cneá, ná hitheadh sé na nithe naofa go nglantar é. Aon duine a bhaineann le rud a fágadh neamhghlan ag corpán, nó duine a chailleann síol,

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Má chailltear ceann de na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe, bíodh an té a bhaineann lena chonablach neamhghlan go nóin.

Aon bhall éadaigh nó leathair a mbainfidh an sceith síl leis, ní foláir é a ní le huisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus ag a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.

Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Labhair leis na sagairt, clann Árón, agus abair leo gan aon duine díobh á thruailliú féin trí dhul i ngar marbháin dá theaghlach,

Is ceadmhach dó bia a Dhé a ithe, idir shárnaofa agus naofa,

Dúirt Hagaí ansin: “Duine atá neamhghlan toisc gur bhain sé le marbhán, má bhaineann sé le haon cheann acu sin, an mbíonn sé sin neamhghlan?” “Bíonn go deimhin,” dúirt na sagairt, á fhreagairt.

Gach a gcuireann clann Iosrael de na nithe naofa i leataobh don Tiarna, tugaim duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha de réir reachta shíoraí. Conradh salainn é seo go brách i láthair an Tiarna, duit féin agus do do shliocht i do dhiaidh.”

Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca.

Mura ndéanann duine neamhghlan é féin a ghlanadh, gearrtar amach ón gcomhthionól é, óir thruailleodh sé sanctóir an Tiarna. Níor ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; tá sé neamhghlan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí